Úsáideoir:Marcas.oduinn/Foilsithe/Aidiachtaí/OarS
Tá trí dhíochlaonadh na n-aidiachtaí ann sa Ghaeilge, agus na tuisil chéanna ag gach aon acu mar a bhfuil ag na hainmfhocail (ainmneach, gairmeach, ginideach, tabharthach). Géilleann[1] na haidiachtaí do na hainmfhocail ó thaobh tuisil, iolrachta,[2] agus inscne de.[3]
Rangaítear na trí dhíochlaonadh de réir a ndéirí: consain; ‑úil, ‑ir; gutaí. Tá foirmeacha an ghinidigh uatha ar aon dul le foirmeacha díochlaonadh na n-ainmfhocal:
- 1d-fir le ainm-1d (caolú)
- 1d-bain le ainm-2a (+ e[4])
- 2a-bain[5] le ainm-3ú (+ a)
- 3ú le ainm-4ú (neamhathraithe).
Cruthaítear na hiolraí de ghnáth leis an iarmhír ‑a.[6] Meastar gur lag nó tréan iad i gcomhtheacht leis an ainmfhocal a cáilíonn siad, agus bíonn an riail chéanna i bhfeidhm ag an nginideach iolra: más lag an ainmfhocal, is ionann foirm na haidiachta agus an ainmneach uatha; más tréan an ainmfhocal, is ionann í agus an ainmneach iolra.
Coimrítear roinnt aidiachtaí an chéad dhíochlaonta sa gu‑bain, agus iolra. Agus caol í an fhoirm ghinideach seo, is caol chomh maith iolraí a lán dóibh siúd, agus infhilltear úd le + e.
Cruthaítear an bhreischéim (agus sárchéim) go rialta leis an gu-bain. Tá tacar beag ann de bhreischéimeanna neamhrialta. Déantar athruithe tosaigh ar aidiachtaí Gaeilge ach séimhiú amháin,[7] i gcomhtheacht le patrún[8] an ainmfhocail cháilithe. Séimhítear gach aidiacht cháilitheach.[9] Ní bhíonn an "dentals"-riail i bhfeidhm.[10]
Treoir mhearthagartha cuir in eagar
1d | 2a | 3ú | |||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Inscne | fir | bain | fir | bain | f & b | ||
Uatha | Ainm | consan | ‑úil, ‑ir | guta | |||
Gair | caol | - | - | - | |||
Gin | caol [11] | + e | - | + a | - | ||
Tabh | - | caol [12] | - | - | |||
Ainmfhocal lagiolra | Ainm | + a [13] | + a | - | |||
Gair | + a | + a | - | ||||
Gin | - | - | - | ||||
Tabh | + aibh [14] | + aibh | - | ||||
Ainmfhocal tréaniolra | Ainm | + a | + a | - | |||
Gair | + a | + a | - | ||||
Gin | + a | + a | - | ||||
Tabh | + aibh [14] | + aibh | - |
Céad díochlaonadh cuir in eagar
Críochnaíonn aidiachtaí an chéad díochlaonta le consain (ach amháin iad a bhfuil sa dara díochlanadh ar ‑úil and ‑ir).
Cruthaítear an ginideach uatha firinscneach (gu-fir) de ghnáth trí chaolú an chonsain dheiridh, ach tá eisceachtaí ann (agus eisceachtaí in aghaidh na n-eisceachtaí). Is ar aon dul le dara díochlaonadh an ainmfhocail é an ginideach uatha baininscneach (gu-bain), 'sé sin, le hiarmhír ‑e. Cruthaítear an t-iolra de ghnáth leis an iarmhír ‑a, ach géilleann an ginideach don lag/tréan-riail, i gcomhthéacs leis an ainmfhocal cáilithe.
Aidiachtaí nach gcaolaíonn an gu-fir: [15]
- -íoch
- m.s., imníoch
- aonsiollach le ‑ch(t)
- aonsiollach le consain dúbailte ‑ll, ‑nn, ‑rr
- na foirne:
Scríobhtar gu-bain d'aidiachtaí a chríochnaíonn ar ‑ach (ilsiollacha) mar ‑aí < aighe.
Coimriú agus iolraí le + e cuir in eagar
Agus gu-bain agus iolraí aidiachtaí an chéad díochlaonadh á chruthú, is minic a coimrítear gutaí gan béim orthu.
Coimrítear cúpla aidiacht san iolra, nach gcoimrítear sa ghinideach.
Más caol í an fhréamh, b'fhéidir gur caol fós é an t-iolra.
- íseal, gu-bain, breis, ai ísle
- láidir, gu-bain, breis, ai láidre
- Eisceachtaí (fréamh leathan, ach iolra fós le + e), mar shampla:
Is cás as cuimse é álainn, a chailleann siolla iomlán:
- álainn, gu-bain, breis, ai. áille.
Táblaí díochlaonta cuir in eagar
mór | Uatha | Lagiolra | |
---|---|---|---|
fir | bain | f & b | |
Ainm | mór | mhór | móra |
Gair | mhóir | mhór | móra |
Gin | mhóir | móire | mór |
Tabh | mór | mhór | móra |
ocrach | Uatha | Lagiolra | |
---|---|---|---|
fir | bain | f & b | |
Ainm | ocrach | ocrach | ocracha |
Gair | ocraigh | ocrach | ocracha |
Gin | ocraigh | ocraí | ocrach |
Tabh | ocrach | ocrach | ocracha |
fliuch | Uatha | Lagiolra | |
---|---|---|---|
fir | bain | f & b | |
Ainm | fliuch | fhliuch | fliucha |
Gair | fhliuch | fhliuch | fliucha |
Gin | fhliuch | fliche | fliuch |
Tabh | fliuch | fhliuch | fliucha |
ramhar | Uatha | Lagiolra | |
---|---|---|---|
fir | bain | f & b | |
Ainm | ramhar | ramhar | ramhra |
Gair | ramhar | ramhar | ramhra |
Gin | ramhair | raimhre | ramhar |
Tabh | ramhar | ramhar | ramhra |
Dara díochlaonadh cuir in eagar
Is iad iarmhírenna aidiachtaí an dara díochlaonta ná ‑úil agus ‑ir.
Is ionann an ginideach uatha firinscneach (gu-fir) aidiachtaí an dara díochlaonta agus an t‑ainmneach uatha, ós rud é gur caol iad i dtosach báire. Is ionann ginideach uatha baininscneach (gu-bain) na n-aidiachtaí agus tríú díochalanadh na n-ainmfhocal, 'sé sin, le hiarmhír ‑a. Cruthaítear na hiolraí leis an iarmhír ‑a, ach géilleann an ginideach an lag/tréan-riail, i gcáilíocht leis an ainmfhocal.
Tagann aidiachtaí ar ‑úil ó (s)amhail[16] an tSeanGhaeilge, ó thaobh sanasaíochta de.
Coimrítear na haidiachtaí ar ‑ir agus cuirtear an iarmhír ‑a ann, mar shampla, deacair, gu-bain, ai deacra.
Táblaí díochlaonta cuir in eagar
suimiúil | Uatha | Lagiolra | |
---|---|---|---|
fir | bain | f & b | |
Ainm | suimiúil | shuimiúil | suimiúla |
Gair | shuimiúil | shuimiúil | suimiúla |
Gin | shuimiúil | suimiúla | suimiúil |
Tabh | suimiúil | shuimiúil | suimiúla |
deacair | Uatha | Lagiolra | |
---|---|---|---|
fir | bain | f & b | |
Ainm | deacair | dheacair | deacra |
Gair | dheacair | dheacair | deacra |
Gin | dheacair | deacra | deacair |
Tabh | deacair | dheacair | deacra |
Tríú díochlaonadh cuir in eagar
Críochnaíonn aidiachtaí an triú díochlanta Gaeilge ar ghutaí.
Ní athraítear deirí aidiachtaí an tríú díochlaonta ar chor ar bith.[17]
Tábla díochlaonata cuir in eagar
crua | Uatha | Lagiolra | |
---|---|---|---|
fir | bain | f & b | |
Ainm | crua | chrua | crua |
Gair | chrua | chrua | crua |
Gin | chrua | crua | crua |
Tabh | crua | chrua | crua |
Aidiachtaí neamhrialta cuir in eagar
Níl ann ach pas beag aidiachtaí neamhrialta sa Ghaeilge. Úsáidtear an fhoirm neamhrialta don bhreischéim.
Breischéime neamhrialta cuir in eagar
Cruthaítear na forimeacha breischéime go rialta leis an nginideach uatha baininscneach (gu-bain).
Níl ann ach beagán breischéim neamhrialta:
- beag, breis. lú
- breá, breis. breátha
- dócha, breis. dóichí
- dona, breis. measa
- fada, breis. faide, sia
- fogas, breis. foisce
- furasta, breis. fusa
- gearr, breis. giorra
- iomaí, breis. lia
- ionúin, breis. ansa
- maith, breis. fearr
- mór, breis. mó
- olc, breis. measa
- te, breis. teo
- tirim, breis. tirime, tiorma
- tréan, breis. tréise, tréine
Tá cúpla breischéim uireasach ann chomh maith:
Notaí cuir in eagar
- ↑ Réitíonn sa Chaighdeán
- ↑ Níl rian ar bith ann de foirmeacha déach. I ndiaidh uimhreacha, is iolra iad na haidiachtaí, agus séimhithe i ndiaidh 2—6, m.s. dhá úll mhóra
- ↑ Luaite de ghnáth san ord sin, m.s. ginideach uatha baininscneach
- ↑ Caolaigh más gá
- ↑ Ós rud é gur caol de réir dúchais iad aidiachtaí 2a-fir, ní infhilltear iad sa chás seo
- ↑ Uaireanta caolaithe le ‑e.
- ↑ Ní uraítear iad
- ↑ Inscne, tuiseal, réamhfhoclach
- ↑ m.s. an bhean bheag fhionn
- ↑ m.s., an bhean dheas
- ↑ Tá catagóir suntasach ann d'aidiachtaí an chéad díochlaonta nach gcaolaítear
- ↑ Meastha iarbhéarla/canúnach, ach féach, m.s., lámh agus ainmfhocail eile le foirmeacha tabharthacha caola
- ↑ Tá roinnt iolraí ann le + e (go háirithe tar éis coimrithe)
- ↑ 14.0 14.1 Iarbhéarla/canúnach
- ↑ An Caighdeán Oifigiúil, 2017
- ↑ cf. Béarla-ly, Gearmáinis -lich
- ↑ Tarlaíonn aithruithe tosaigh más gá
Teimpléid Vicífhoclóra cuir in eagar
- {{aid.|díoc|gu fir|gu bain, breis|iol}}
Naisc sheachtracha cuir in eagar
- An Caighdeán Oifigiúil, 2017
- A Grammar of the Irish Language, O'Donavan, 1845
- Gramadach na Gaeilge ar Nualéargais
Féach freisin cuir in eagar
Catagóir Aguisíní Gaeilge Aidiachtaí