Gaeilge cuir in eagar

 
An Bonnán Buí
(Botaurus stellaris)
 
An Bonnán Beag
(Ixobrychus minutus)
 
An Bonnán Meiriceánach
(Botaurus lentiginosa)

  Fuaimniú

  • IPA /bˠun̪ˠɑːn̪ˠ/

  Ainmfhocal

bonnán, fir.¹ (gu. & ai. bonnáin, gi. bonnán)

  1. (éaneolaíocht) Éin chorraigh den fhine Ardeidae a mbíonn clúmh stríocach orthu. Bíonn glór domhain suntasach ag an bhfireannach sa shéasúr cuplála. I gcoitinne, bíonn siad níos lú ná na corra (san fhine féin). Tarraingíonn siad an muineál siar agus iad ag eitilt agus itheann siad amfaibiaigh, reiptílí, feithidí agus éisc.
    • Bonnán buí (nó ~ léana), Botaurus stellaris.
    • Bonnán beag, Ixobrychus minutus.
    • Bonnán Meiriceánach, Botaurus lentiginosa.
  2. Corn, troimpéad.
  3. Fuaim láidir, búireach; glór a mar a dhéanann corn nó troimpéad.
  4. = buinneán

  Aistriúcháin

  Tagairtí