Úsáideoir:Marcas.oduinn/Foilsithe/Ainmfhocail 2a/180501

Is baininscneach iad beagnach gach aon ainmfhocal sa dara dhíochlaonadh; níl ann ach trí cinn atá firinscneach.[1] Críochnaíonn na fréamhacha ar chonsain idir leathan agus caol. Is í saintréith an ghinidigh uatha ná an iarmhír -e, le caolú na fréimhe más gá.

Is ionann sa chaighdeán an tabharthach uatha agus an t‑ainmneach uatha. San iarbhéarla agus roinnt canúintí, áfach, tá foirm ar leith don tuiseal seo, 'sé sin, foirm chaolaithe an ginidigh gan an iarmhír -e.

Tá idir lagiolraí (go formhór leis an iarmhír -a) agus tréaniolraí sa dara díochlaonadh.

Is ionann an gairmeach agus an t‑ainmneach.

Gnáthiarmhíreanna cuir in eagar

  • -lann
  • -óg / -eog

Ginideach cuir in eagar

Is í saintréith an ghinidigh uatha ná an iarmhír -e, le caolú na fréimhe más gá.

Athraítear gutaí áirithe mar a leanas de dheasca chaolú an chonsain deiridh:

D'ainmfhocail ilsiollacha a chríochnaíonn ar -(e)ach neamhaiceanta, scríobhtar an ginideach uatha mar -(a)í, rud atá giorrú de -(a)ighe.

Tabharthach cuir in eagar

Sa Chaighdeán, is ionann an tabharthach agus an t‑ainmneach, idir uatha agus iolra. San iarbhéarla, roinnt canúintí agus nathanna áirithe fós, tá foirmeacha ar leith ann don tuiseal seo.

  • uatha: foirm caolaithe an ghinidigh gan an iarmhír -e
  • iolra: an iarmhír -ibh

Lagiolraí cuir in eagar

Is í saintréith lagiolra, de ghnáth, ná gurb ionann an ginideach iolra agus an ainmneach uatha. Sa dara díochlaonadh ar leithligh, áfach, leathnaítear é más gá.

Cruthaítear an t‑ainmneach lagiolra de ghnáth le consan leathan + a. Tá líon beag ainmfhocal ann a cruthaíonn a n‑ainmneach lagiolra le consan caol + e. .

Ainmfhocail ar chonsan leathan (au, gu, tu, ai, gi):

  • adharc, adhairce, adhairc, adharca, adharc
  • bréag, bréige, bréig, bréaga, bréag
  • clann, clainne, clainn, clanna, clann
  • cloch, cloiche, cloich, clocha, cloch
  • cnámh, cnáimhe, cnáimh, cnámha, cnámh
  • críoch, críche, crích, críocha, críoch
  • croch, croiche, croich, crocha, croch
  • cros, croise, crois, crosa, cros
  • cruach, cruaiche, cruaich, cruacha, cruach
  • cuach, cuaiche, cuaich, cuacha, cuach
  • gaoth, gaoithe, gaoith, gaotha, gaoth
  • géag, géige, géig, géaga, géag
  • luch, luiche, luich, lucha, luch
  • méar, méire, méir, méara, méar
  • muc, muice, muic, muca, muc
  • scuab, scuaibe, scuaib, scuaba, scuab
  • slat, slaithe, slaith, slata, slat
  • srón, sróine, sróin, sróna, srón
  • subh, suibhe, suibh, subha, subh
  • tuath, tuaithe, tuaith, tuatha, tuath

Gach animfhocal ar iarmhíreanna ‑lann agus ‑óg/‑eog:

  • -lann, -lainne, -lainn, -lanna, -lann
  • -óg, -óige, -óig, -óga, -óg

Ainmfhocal ar -ach neamhaiceanta:

Ainmfhocail ar chonsan caol, leathnaithe san ainmneach iolra (maraon leis an nginideach iolra):

  • binn, binne, beanna, beann

Ainmfhocail ar chonsan caol +e (in ionad +a) san ainmneach iolra:

póg Uatha Iolra
Ainmneach póg póga
Gairmeach a phóg a phóga
Ginideach póige póg
Tabharthach póg
póig
póga
pógaibh
deoir Uatha Iolra
Ainmneach deoir deora
Gairmeach a dheoir a dheora
Ginideach deoire deor
Tabharthach deoir deora
deoraibh
súil Uatha Iolra
Ainmneach súil súile
Gairmeach a shúil a shúile
Ginideach súile súl
Tabharthach súil súile
súilibh
gealach Uatha Iolra
Ainmneach gealach gealacha
Gairmeach a ghealach a ghealacha
Ginideach gealaí ealach
Tabharthach gealach
gealaigh
gealacha
gealachaibh
girseach Uatha Iolra
Ainmneach girseach girseacha
Gairmeach a ghirseach a ghirseacha
Ginideach girsí girseach
Tabharthach girseach
girsigh
girseacha
girseachaibh

Tréaniolraí cuir in eagar

Is í saintréith tréaniolra ná gurb ionann an ginideach iolra agus an t‑ainmneach iolra. Iarmhíreanna a bhfuil sa dara dhíochlaonadh ná: -anna, -aí, -acha, -ta/-te (agus malairtí).

Iolraí ar -anna:

  • áit, áite, áiteanna
  • aghaidh, aghaidhe, aghaidheanna
  • aois, aoise, aoiseanna
  • beirt, beirte, beirteanna
  • breis, breise, breiseanna
  • céim, céime, céimeanna
  • cuairt, cuairte, cuairteanna
  • cúis, cúise, cúiseanna
  • duais, duaise, duaiseanna
  • fuaim, fuaime, fuaimeanna
  • léim, léime, léimeanna
  • páirc, páirce, páirceanna
  • scoil, scoile, scoileanna
  • sráid, sráide, sráideanna
  • teip, teipe, teipeanna
  • uaigh, uaighe, uaigheanna


Ioraí ar (au, gu, iol):


Iolraí ar -acha (au, gu, iol):

Iolraí ar fhréamh leathan, iolra leathan ar -acha (au, gu, tu, iol):

  • craobh, craoibhe, craoibh, craobhacha
  • fréamh, fréimhe, fréimh, fréamhacha
  • iníon, iníne, inín, iníonacha

Iolraí ar fhréamh leathan, ach iolra caolaithe ar -eacha (au, gu, tu, iol):

  • ubh, uibhe, uibh, uibheacha


Iolraí caola ar -te (au, gu, iol):

Iolraí ar fhréamh caol, ach iolra leathnaithe ar -tha (au, gu, iol):

Iolraí ar fhréamh leathan, iolra leathan ar -ta (au, gu, iol):


Coimrítear líon beag ainmfhocal ilsiollach sa ghinideach uatha agus san iolra, go háirithe ar ‑ir:

Tréaniolra ar + a, i dteannta le; athrú guta; coimriú

áit Uatha Iolra
Aimmeach áit áiteanna
Gairmeach a áit a áiteanna
Ginideach áite áiteanna
Tabharthach áit áiteanna
áiteannaibh
áit Uatha Iolra
Aimmeach abairt abairtí
Gairmeach a abairt a abairtí
Ginideach abairte áiteanna
Tabharthach abairt abairtí
abairtibh

Déach cuir in eagar

Is sa dara dhíochlaonadh a fhaightear fós rian d'foirmeacha déacha[2], go háirithe ar lorg dhá. Is ionann foirm an déigh agus tabharthach uatha an dara dhíochlaonta, 'sé sin, foirm caolaithe an ghinidigh gan an iarmhír -e.

Sa chaighdéan, ní ann ach cúig ainmfhocal a bhfuil foirm ar leith acu don déach. Tá lagiolra acu go léir. Is ionann ainmneach uatha na bhfocal seo agus an tabharthach uatha/déach as roinnt canúintí (cf abha/abhainn srl).

Uatha Déach Iolra
Ainmneach Ginideach Tabharthach Ainmneach Ginideach
bos boise bois dhá bhois bosa bos
bróg bróige bróig dhá bhróig bróga bróg
cluas cluaise cluais dhá chluais cluasa cluas
cos coise cois dhá chois cosa cos
lámh láimhe láimh dhá láimh lámha lámh

Ainmfhocail fhirinscneacha cuir in eagar

Tá trí ainmfhocal fhirinscneacha ann sa dara díochlaonadh[3], agus tréaniolra ag gach ceann acu.

Notaí cuir in eagar

  1. im, sliabh, teach
  2. Chun rudaí a dhíochlanadh, a ritheann le chéile i bpéire
  3. In ainneoin an chaighdeáin
  4. teach + e > tighe > tí

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar



Catagóir Aguisíní Gaeilge Ainmfhocail {{{1}}}