Aguisín:Briathra Neamhrialta Gaeilge
Níl ann ach 11[1] briathar neamhrialta sa Nua-Ghaeilge: abair, beir, bí, clois, déan, ith, faigh, feic, tabhair, tar, téigh.
Achoimre fréamhacha neamhrialta
cuir in eagarModhanna agus aimsirí fréamhacha neamhrialta
cuir in eagar- Tá briathar amháin ann (bí), agus sainfhréamh aige don táscach láithreach neamhspleách (tá).[2]
- Tá briathar amháin ann (bí) agus sainfhréamh aige don táscach láithreach spleách (fuil).
- Tá sé bhriathar ann (abair, bí, déan, faigh, feic, téigh) agus sainfhréamhacha acu don táscach caite spleách, a ghlacann go léir leo míreanna réamhbhriathracha neamhphréitiríteacha (ní in ionad níor srl.).
- Tá trí bhriathar ann (abair, deir, tabhair) a leathnaítear san táscach fáistineach agus modh coinníollach.
- Tá briathar amháin ann (faigh) agus sainfhréamh neamhspleách aige san táscach fáistineach agus coinníollach.
- Tá sé bhriathar ann (bí, clois, faigh, feic, tar, téigh) agus saorbhriathar le -thas acu. Leathnaítear an fréamh más gá. Séimhítear iad go léir ach amháin faigh (m.s., bhíothas, ach fuarthas).
- Tá trí bhriathar ann (abair, tar, téigh) agus sainfhréamh acu don ainmbhriathar (rá, teacht, dul).
Treoir mhearthagartha fréamhacha neamhrialta
cuir in eagarSeo a leanas achoimre na bhfréamhacha neamhrialta na mbriathra neamhrialta Gaeilge.
Modhanna agus aimsirí[3] | abair [4] | beir | bí | clois | déan | faigh | feic | ith | tabhair | tar | téigh | ||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Táscach | láithreach | n-spl | deir [5] | tá | tug | tag | té [6] | ||||||
spl | fuil [7] [8] | ||||||||||||
gnáthláithreach | deir | tug | tag | té | |||||||||
caite | n-spl | dúr [9] | rug | chuala | rinne | fuair [10] | chonaic [10] | thug | tháng [11] | chua [12] | |||
spl [13] | ní dúr | ní rabh [14] | ní dhearna | ní bhfuair [15] | ní fhaca | ní dheach | |||||||
gnáthchaite | |||||||||||||
fáistineach | n-spl | déar | béar | bei | gheobh [16][17] | íos | tabhar | tioc | rach [17] | ||||
spl | faigh [17][18] | ||||||||||||
Coinníollach | n‑spl | déar | béar | bei [19] | gheobh [17] | íos | tabhar | tioc | rach [17] | ||||
spl | faigh [17][18] | ||||||||||||
Foshuiteach | láithreach | deir | rabh | tug | tag | té [20] | |||||||
caite | deir | bei [21] | tug | tag | té | ||||||||
Ordaitheach [22] | |||||||||||||
Ainmbhriathar [23] | rá | breith | bheith | cloisteáil | déanamh | fáil [24] | feiceáil | ithe | tabhairt | teacht | dul | ||
Aidiachtbhriathar | ráite | breithe | cloiste | déanta | fáilte | feicthe | ite | tugtha | tagtha | dulta |
Sanasaíocht na mbriathra neamhrialta
cuir in eagar- Fréamhaíonn na foirmeacha neamhspleácha agus spleácha ó foirmeacha prótatonach is deotratonach na Sean-Ghaeilge (SGa).[25]
- Tá sé bhriathar ann (abair, bí, clois, feic, tabhair, téigh) agus iad fréamhaithe ó dhá nó níos mó bunbhriathar[26]
- Tá trí bhriathar ann (abair, beir, tabhair) agus iad fréamhacha (go iomlán nó i bpáirt) ó beirid na SGa.
- Lig ainmbhriathar an bhriathair tar (teacht) tríd ó ainmbhriathar an bhriathair téigh (a bhfuil a ainmbhriathar anois dul)
Notaí
cuir in eagar- ↑ Tá 26 iontráil ar en.wiktionary.org ag 03-Sam-2021, ina measc foirmeacha malartacha agus comhfhocail
- ↑ De bharr sin, is sainiúil é an gnathláithreach rialta de bí
- ↑ Ainmnítear agus liostaítear na haimsirí de réir teimpléid réimnithe ar Wiktionary réimniú
- ↑ Ní shéimhítear na foirmeacha d-, agus iad tráth adeir, adúirt
- ↑ Is deir í an fhoirm scartha, 'sé sin, ní ghlacann iarmhír ‑eann le deir
- ↑ Is giorrúchán é téann de téigh + eann > téann
- ↑ Is giorrúchán é an diúltach níl de ní fhuil
- ↑ Fuaimnítear de ghnáth an ceisteach an bhfuil mar an fhuil
- ↑ Is í an fhoirm scartha ná dúirt
- 1 2 Ní leathnaítear an fhréamh ach sa saorbhriathar le -thas
- ↑ Is í an fhoirm scartha ná tháinig (caol, g gan shéimhiú)
- ↑ Is í an fhoirm scartha ná chuaigh (caol)
- ↑ Luaite leis an mír dhiúltach chun aird a tharraingt ar na hathruithe/claocluithe tosaigh
- ↑ Is í an fhoirm scartha ná raibh
- ↑ Urraithe in ionad séimhithe
- ↑ Tá an fhréamh séimhithe de réir dúchais
- 1 2 3 4 5 6 Gan f san iarmhír, m.s., gheobhaidh
- 1 2 Urú le ní
- ↑ Is í an fhoirm scartha ná bheadh
- ↑ Coimriú de téigh + e > té
- ↑ Díochlaontar é le hiarmhíreanna an choinniollaigh, in ionad an gnáthchaite mar is gnách
- ↑ Tá na hordaitheacha ar chomhfhoirm leis na fréamhacha
- ↑ Tugtar gach hainm- agus aidiachtbhriathar (rangabháil chaite)
- ↑ faigh + áil > fáil
- ↑ Dependent and independent verb forms ar en.wikipedia.org
- ↑ Tá dhá shampla ann sa Bhéarla: be and go
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Minority Languages, Proceedings of the Irish Network in Formal Linguistics, Oct 2013