An difríocht idir athruithe ar: "Caisleán Shandarsan"

Content deleted Content added
No edit summary
Usjes (plé | dréachtaí)
Formhór an ailt aistrithe go dtí an Vicípéid, áit níos oiriúnaí dó, nasc chuige cuirthe anseo.
chlib amháin: Replaced
 
Líne 1:
[[Íomhá:Caisleán Shandarsan.jpg|mion{{vicipéid|Caisleán Shandarsan]]}}
{{ucf|caisleán}} suite in aice le Béal Tairbirt i gContae an [[Cabhán|Chabháin]] in [[Éire|Éirinn]].
 
Tógadh an caisleán reatha i 1840. Is é Caisleán Shandarsan baile sinsear de Chlann Shandarsan. Tá an caisleán suite i g[[Contae an Chabháin]] in [[Éire|Éirinn]], in aice le Béal Tairbirt. Cuimsíonn an suíomh 34 acra. <ref>http://www.castlesaunderson.com/</ref>
Scriosadh an caisleán le tine 3 huaire le himeacht na mblianta, agus faoi lathair níl fágtha ach na fothracha.
Osclaíodh Ionad Idirnáisiúnta na nGasóg i gCaisleán Shandarsan in 2012.
 
== Stair ==
=== Mar Baile Teaghlaigh ===
Ar feadh ceithre chéad bliain, bhí an caisléan mar chomhartha de choilíneachas agus de choimhlint idir na Gaill agus na Gael.
Thóg Coróin Shasana tailte tábhachtacha ó na clanna dúchasacha na hÉireann agus tugadh iad do choilínigh ón mBreatain.
 
Sa séu haois déag, bhí clann cúmhachtach Uí Raghallaigh <ref>https://www.connollycove.com/historic-castle-saunderson/</ref> i seilbh ar an talamh agus an caisleán, a dtugtaí Caisléan Bhréifne air roimhe sin. Ach, ag an am seo, dhéanadh na Sasanaigh ionradh ar thalamh ar fud na hÉireann, agus thugadh siad talamh na nGael do 'phlandóirí dílse', mar chuid de Phlandáil Uladh.
 
Fuair an saighdiúir Albanach, Alsandar Sandarsan, an Caisleán agus a chuid talún sa bhliain 1618. Fuarthas cloch leis an ainm Sandarsan agus an dáta 1573 scríofa uirthi, ach tá an fhianaise ann nár tháinig clann Shandarsan go dtí an seachtú haois déag áfach. I 1633, thug sé an t-eastát dá mhac, Roibeard. I rith an t-éirí amach a bhí eagraithe ag na Gaeil, scriosadh an caisleán sa tine. Ach chuidigh Roibeard go mór leis na Sasanaigh chun Éirinn a chur faoi smacht arís, agus bronnadh sé níos mó talún dá bharr.
 
Sa 19ú haois, rinneadh an eastáit a thabhairt in oidhreacht ar Choirnéal Éadbhard Sandarsan, ‘Laoch na nDílseoirí’ agus bunaitheoir d'Aontachas in Éirinn, ina raibh sé mar aidhm Riail na Breataine a chomieád beo. <ref>https://www.connollycove.com/historic-castle-saunderson/</ref>
 
Bhí garmhac Éadbhard, Alsandar, an duine deireanach de chlann Shandarsan arbh leis an eastát. Sa Dara Chogadh Domhanda, bhí sé mar phríosúnach agus tar éis an chogaidh, ba é duine de na daoine deireanacha a rinne agallamh le Tánaiste Adolf Hitler, Hermann Goering. Bhí sé mar aidhm aige an caisleán a aththógáil ach bhí sé seo róchostasach agus dhíol Alsandar an t-eastát i 1977. Tháinig deireadh leis an gceangal ceithre chéad bliain de chlann Shandarsan leis an gCabhán.
 
=== Cogadh ===
Ó 1688 go 1691, bhí cogadh ann idir an Rí Séamas II agus Liam Oráiste ón Ollain faoi cé a bheadh i gceannas ar Shasana agus ar Éirinn.<ref>https://www.historyireland.com/early-modern-history-1500-1700/the-williamite-war-in-ireland-1688-1691-richard-doherty-four-courts-press-1998-40-00-hb-14-95-pb-isbn-1851823743-1851823751/</ref> Rinneadh scrios mór agus doirteadh fola go leor ar an eastát. Throid Roibeard Óg sa chogadh ar thaobh Liam Oráiste. I 1689, dódh an caisléan go talamh (arís!) ag ceann de Ghinearál Rí Shéamais, An Tiarna Galmoy.
 
Cúpla mí ina dhiaidh sin, rinneadh luíochán ar shaighdiúirí Rí Shéamais i gCaisleán Shandarsan nuair a bhí siad ar teitheadh ó Chath An Baile Nua. Maraíodh 400 saighdiúirí, agus tugadh rogha báis dóibh, bheith báite nó bás a fháil le claíomh. Roghnaigh an tromlach bheith báite san Abhainn na Finne ar thailte an chaisleáin.
 
Rinne Óglaigh na hÉireann (IRA) ruathar ar an chaisleán i 1920.
Tháinig deireadh le ré na Sasanaigh i 1921, tar éis Cogadh na Saoirse agus bhí Éire neamhspleách. Nuair a síníodh An Conradh Angla-Éireannach sa bhliain 1922, bhí an caisleán suite i ndeisceart na teorann nua.
 
== Ailtireacht ==
Tógadh an caisleán reatha i 1840. Sampla den ailtireacht Ghotach atá ann, tá an slí isteach siméadrach agus áirsí rinneacha ar dhíon an grianáin.
Is féidir na fuinneoga saise fada a fheiceáil fós.
Tógadh séipéal mar chuid bhreise den chaisleán le haghaidh tuama teaghlaigh. <ref>https://theirishaesthete.com/tag/castle-saunderson/</ref>
[[File:Séipeal i gCaisleán Shandarsan.jpg|thumb|]]
Ceaptar gurbh é George Sudden an t-ailtire toisc go raibh an caisleán cosúil le [https://en.wikipedia.org/wiki/Crom_Castle Caisleán na Croma] i g[[Contae Fhear Manach]]
 
== Inniu agus Cosán an Chaisleáin ==
I Mí Lúnasa 2012, d’oscail Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, Ionad Idirnáisiúnta na nGasóg i gCaisleán Shandarsan, a chosnaigh 3.7 milliún euro. <ref>https://www.irishtimes.com/news/scouts-honour-president-cuts-ribbon-at-3-7m-scouts-centre-1.539884</ref>
Tá an foirgneamh mar ceann de chúig Ionaid Domhanda na Síochána fógraithe ag Foras Domhanda na nGasóg. Gach bliain, tagann na deich mílte gasóga ó chian is ó chóngar ar cuairt chuid an tionad.
 
=== Cosán an Chaisleáin ===
[[File:Caisleán Shandarsan Cosán.jpg|thumb|cosán timpeall caisleán shandarsan]]
In 2016, thug [[Oirthear Ársa na hÉireann]] maoiniú don chosán caisleán a fhorbairt. Rinneadh athchóiriú ar na cosáin bunaidh timpeall an chaisleáin, agus ósclaíodh an conair shiúil in 2017.
 
=== Fiadhúlra ===
Tá foraois dhlúth timpeall an chaisleán beo le fiadhúlra. Tá loch mór ann, atá an-tábhachtach don fhiadhúlra.
Tá réimse leathan ainmhithe le feiceáil, ina measc ;
*Fia
*Coiníní
*Sionnaigh
*Bradán
*Éin fhiáine
 
==Tagairtí==