Úsáideoir:Marcas.oduinn/Foilsithe/Briathra/beo

dhá dhíochlaonadh na mbriathra Gaeilge ann. Is aonsiollach go formhór iad briathra an chéad dhíochlaonta, agus gan ann ach líon beag eisceachtaí. Is ilsiollach iad briathra an dara dhíochlaonta. Níl an ach 11 briathra neamhrialta, agus céimeanna éagsúla neamhrialtachta eatarthu.

Pearsa agus uimhir cuir in eagar

  • Céad, dara, tríú; uatha, iolra.
  • Saor

Faíthe, modhanna and aimsirí cuir in eagar

Foirmeacha réimnithe:

  • Gníomhach
    • Táscach
      • Láithreach
      • Gnathláithreach
      • Caite
      • Gnáthchaite
      • Fáistineach
    • Coinníollach
    • Foshuiteach
      • Láithreach
      • Caite
    • Ordaitheach


Abairtí timchaintigh, bunaithe ar agus/nó ainm agus aidiacht briathra:

  • Gníomhach, foirfe
  • Céasta
    • Is féídir an fhaí chéasta a aistriú leis an saorbhriathar

Foirmeacha anailiseacha agus táitithe cuir in eagar

Ní roinneann an fhoirm anailíseach ach eolas faoi modh nó aimsir amháin , m.s. molann, molfadh, srl. Caithfear réamhfhocal a chur léi chun eolas pearsanta a roinnt, m.s. molann sibh.

Mar a thugann an t‑ainm le tuiscint, "ceanglaíonn" foirm tháite le chéile iad foirm anailíseach agus réamhfhocal, m.s. molann + mé > molaim.

Modhanna agus aimsirí lom 1d 2a
Táscach láithreach -nn -ann -aíonn
fáisteanach -idh -faidh -óidh
caite fréamh - -
Coinníollach -adh -fadh -ódh

Réimnithe cuir in eagar

  • Céad
    • Aonsiollach
      • Deirí ilghnéitheacha
      • Iarmhír -igh, m.s., nigh, léigh, dóigh
        • guta gearr nó gan ghuta:
          f-caol, t-caol
          ií (ach amháín roimh t)
          m.s. nífeá, niteá
        • é:
          f-caol, t-caol
          m.s. léifeá, léiteá
        • guta fada eile:
          f-leathan, t-caol
          m.s. dhófá, dhóiteá
      • Comhbhriathra de bhriathra aonsiollacha
    • Ilsiollach
      • ‑áil:
        f-leathan, t-caol
        m.s., shábhálfá, shabháilteá
      • Ilsiollaigh ar leith eile (le leathnú nó coimriú)
  • Dara
    • Ilsiollach, ach amháin iad atá sa chéad réimniú
    • Go háirithe le deirí:
      • ‑igh, ‑im, ‑ing
      • ‑il, ‑in, ‑ir, ‑is le coimriú.
  • Neamrialta

Foirmeacha neamhspleácha is spleácha cuir in eagar

Fréamhaíonn na foirmeacha neamhspleácha is spleácha ó na foirmeacha neamhnasctha is cónasctha (do briathra simplí), agus foirmeacha prótatonach is deotratonach (do briathra coimpléascacha), mar a bhí ann le chéile sa tSean-Ghaeilge.[1] Is ionann iad na foirmeacha do na briathra rialta go léir sa NuaGhaeilge. Feictear iad go soiléir ach amháin i gcuid de na haimsirí i roinnt de na briathra neamhrialta.

Ainmfhocail agus aidiachtaí cuir in eagar

Ainmbhriathra cuir in eagar

Tá an iomarca foirmeacha na n-ainmbhriathra i nGaeilge. Tá roinnt patrún ann, ach go leor eisceachtaí. Seo a leanas deirí na n-ainmbhriathra, i liosta aibítre, ach go gcuirtear na deirí fadghuta le chéile, agus na foirmeacha gan iarmhír ag an mbun.

  • á, -é, -í, -ó, -ú
    • céad réímniú -igh
      • guta gairid no gan guta: nigh, ní
      • guta fada: leáigh, leá; pléigh, plé; dóigh, dó; súigh, sú
    • dara réimniú
      • igh + adh > ú: críochnaigh, críochnú
      • achain, achainí
      • éirigh, éirí
      • fiafraigh, fiafraí
  • -ach
    • ceannaigh, ceannach
  • -acht
    • fan, fanacht
    • imigh, imeacht
  • -achtáil
    • mair, maireachtáil
  • -adh
    • bris, briseadh
    • le leathnú: buail, bualadh
  • -aidh
    • iarr, iarraidh
  • -áil
    • tóg, tógáil
    • feic, feiceáil
    • go leor iasachtaí deireanaí: péint, péinteáil
  • -ain
    • arg, argain
  • -aíocht
    • tóraigh, tóraíocht
  • -amh
    • léigh, léamh
    • déan, déanamh
  • -an
    • lig, ligean
  • -ch
    • glaoigh, glaoch
  • -chan
    • beoigh, beochan
  • -e
    • fair, faire
    • ith, ithe
  • -im
    • tit, titim
  • -int
    • inis, insint
    • tuig, tuiscint
  • -t
    • briathra le -il, -in, -ir: imir, imirt
  • -úint
    • lean, leanúint
  • gan iarmhír
    • fás[2]; ól; rith
    • briathra le -áil: sábháil
  • gan iarmhír le leathnú
    • cuir, cur
    • siúil, siúl
    • ceangail, ceangal

Aidiachtbhriathra cuir in eagar

Tá fréamh na haidiachta leathan nó caol, bunaithe ar an mbunfhocal. Is í an iarmhír bhunúsach ná ‑tə, atá inséimhithe, agus is leathan (a) nó caol (e) é an ə deireadh, i gcomhtheacht le fraomh na haidiachta. Dá bhrí sin, is é tacar na n-iarmhíreanna ná ‑ta, ‑tha, ‑te, ‑the. Tá rialacha cruthuithe glana ann, agus iad curtha i bhfeidhm go rialta le beagán eisceachtaí.

  • Dara réimniú -im, -in, -ir (ah ní -il): leathnaítear an fraomh
  • Dara réimniú -is: coimrítear an fraomh
  • briathra le -igh: lig an gh ar lár, ag nochtadh an ghuta i
  • dntls, th, gutaí: ní shéimhítear an iarmhír
    • le -th, -thte > te,
  • briathra le -bh, -mh: bhth, mhth > f

Samplaí de réir na rialacha seo:

  • foghlaim, foghlamtha
  • oscail, oscailte
  • inis, inste
  • glan, glanta
  • nigh, nite
  • ith, ite
  • scríobh, scríofa

Aidiachtbhriathra neamhrialta:

  • beir, breith
  • bí, bheith

Díochlaonadh na n-ainmbhriathra cuir in eagar

Braitheann díochlaonadh na n-ainmbhriathra ar a gcomhthéacs. Agus iad ina sheasamh mar substainteach[3], diochlaontar iad le díochlaonadh an ainmfhocail a ghlactar leo. De ghnáth, is í inscne an ainmbhriathair ná príomhinscne an díochlaonta, ach tá eisceachtaí ann.

Agus iad ina seasamh mar infinideach, díochlaontar iad le cabhair óna haidiachtbhriathra.

  • ól, ólta
  • titim, tite
  • foghlaim, foghlamtha
  • ithe, ite

Tá ainmbhriathra ann, ámh, a díochlaontar i gcónaí leis an aidiachtbhriathar, is cuma an comhthéacs.

  • socrú, socraithe, socruithe

Copail cuir in eagar

Níl ag an gcopail ach trí aimsir. Ní dhíoclaontear í.

  • táscach láithreach (agus fáisteanach)
  • táscach caite (agus modh coinníollach)
  • foshuiteach láithreach

Briathra uirseacha cuir in eagar

Níl ann ach domán beag bhriathra uirseacha i nGaeilge, go suntasach:

Is briathar uirseach í an chopail (féach thuas), de réir gach dealramh.

Notaí cuir in eagar

  1. Dependent and independent verb forms ar Wikipedia
  2. Fiche blia(i)n ag fás
  3. le haghaidh tuilleadh eolais, féach mar shampla an t-ainm briathartha á phlé ar Nualeargais
  4. Dar liom, tá ithe teibí, mar sin (b)!

Teimpléid Vicífhoclóra cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar



Catagóir Aguisíní Gaeilge Briathra {{{1}}}