Plé Vicífhoclóra:Canúintí na Gaeilge

Latest comment: 15 bliain ó shin by Dun chaochain in topic Teimpléid

Le tosú cuir in eagar

Hi, a chairde, Ar irishgaelictranslators.com, bhí mé ag caint faoi fhoclóir "foinsí oscailte", a bhfuil leaganacha canúna le fáil ann, a chruthú (féach an "snáith" dár teideal OT: Dialect Dictionary). Tá suim ag ceathrar nó cúigear ansin sa leithéid. Má tá sibhse sásta, ba mhaith an rud é ga.wiktionary.org a úsáid. Tá mé féin ag ceapadh gur cheart roinn ar leith ar nós "Foirmeacha Canúna" a bheith ann faoin bpríomhfhocal, ach tá bealaí eile ann chun an eolais a chur isteach, ar ndóigh. Ar aon chaoi, ba mhaith liom (más féidir) cloí leis an eolas áit, condae nuair a phléitear na canúintí--sílim go gcuideoidh an t-eolas sin agus suim ag an léitheoir i gcanúintí. Mar shampla, b'fhéidir go mbeadh spéis ag léitheoir (ar mo nós féin) i gcanúintí Mhaigh Eo. Beidh mé in ann teacht ar an eolas atá uaim má dhéanaim cuardach ar "Maigh Eo"; mara bhfuil an t-eolas condae istigh, áfach, bheadh orm na mion-chanúintí ar fad a lorg, e.g. "Ceathrú Thaidhg", "Acaill", "Tuar Mhic Éadaigh", agus fiú ainmneacha na mbailte beaga, m.sh. "an Fód Dubh", "an Eachléim". Mar an gcéanna i dtaobh na Gaillimhe; má tá suim ag an léitheoir i gcanúintí Chonamara, beidh air cuardach a dhéanamh ar "Cois Fharraige", "Casla", "Inis Oirr", agus a leithéid. B'fearr, i mo thuairim féin, eolas mar seo (Cois Fharraige, Gaillimh)(Inis Oirr, Gaillimh) a chur isteach. Le gach beannacht, Dún Chaocháin

Rinne mé cóip de do theachtaireacht anseo, a Dhún Chaocháin, chun tús a chur leis an gcomhrá.

Is mór an fhadhb í an méid 'lipéid' do chanúintí atá ann (má tá siad ann ar chor ar bith), agus tá ciall leis an méid a dúirt tú thuas ach níorbh mhaith liom na lipéid a bheith ró-fhada. Dháiríre, ní gá an contae a lua gach uair - is vicí é seo agus tá Catagóirí aige. Féach ar an gcatagóir atá ann cheana féin - Catagóir:Canúintí na Gaeilge.

Bíonn córas na gcatagóirí ina innéacs do vicí agus is féidir é a eagrú mar is maith leat. Mar shampla, tá Catagóir:Gaeilge sa gcatagóir Catagóir:Teangacha ach tá gaol eile eatarthu freisin:

Catagóir:GaeilgeCatagóir:GaeilisCatagóir:Ceiltis na nOileánCatagóir:CeiltisCatagóir:Ind-EorpachCatagóir:Teangacha

Féadann muid rud mar seo a dhéanamh, mar shampla...

Catagóir:Canúint Chois FharraigeCatagóir:Canúintí na GaeilgeCatagóir:GaeilgeCatagóir:Teangacha

Catagóir:Canúint Chois FharraigeCatagóir:Canúintí Chontae na GaillimheCatagóir:Canúintí ConnachtCatagóir:Canúintí na GaeilgeCatagóir:GaeilgeCatagóir:Teangacha

Ba mhaith an rud CanúintCanúintí a chur roimh ainm na catagóire ionas go ndéanfaidh muid idirdhealú idir catagóirí na gcanúintí agus catagóirí na n-áiteanna.

Is féidir leathanach a chur i gcatagóir trí [[Catagóir:ainm na catagóire]] a chur ann, ach is é an chaoi is fearr chun focal a chur i gcatagóirí ná teimpléid a úsáid. Cuireann an teimpléad {{CFh}} na focail Cois Fharraige isteach agus cuireann sé an leathanach sa gcatagóir Catagóir:Canúint Chois Fharraige ag an am céanna. B'éasca níos mó teimpléad a chruthú ar an bpatrún seo.

Maidir leis an teideal, b'fhearr liomsa gan mír nua a dhéanamh ar cúpla cúiseanna:

  1. Ba mhaith liom dhá mbeadh na focla canúnacha ar chomhchéim (fad agus is féidir) leis na focail chaighdeánacha sa bhfoclóir. Má tá ceannteideal mór os a gcionn agus mara bhfuil siad le fáil ach ar leathanach an fhocail chaighdeánaigh, measfaidh daoine nach fíorfhocail iad. B'fhearr ar fad liomsa, naisc shimplí (i glcó trom) a chur ann chuig leathanaigh na bhfocal féin agus iad a bheith i ngar do chorp an tsainmhínithe chun a ndlúthbhaint le focal an leathanaigh a thaispeáint.
  2. Ní ba mhaith an rud dhá n-éireodh leathanaigh ró-chasta, agus is furasta é sin a dhéanamh. Is féidir an tsúil a thuirsiú leis an iomarca boscaí agus ceannteideal. Sin an fáth go bhfuil giorrúcháin in úsáid anseo in ainneoin an mana coitianta ar vicíonna "the Web is not paper".

Seo é sampla d'iontráil mar a dhéanaim é:

{{ainm 1|foirgnimh}}
# Struchtúr mór tógtha ar féidir le daoine dul isteach ann.
# {{ucf|grúpa}} foirgneamh.
# {{ucf|áit}} [[neadú|neadaithe]], m.sh. ar [[aill]].
{{mal}} {{iol.}} '''[[foirgeanta]]''', {{CFh}} '''[[foirgint]]''' {{bain}}, '''[[foirgneadh]]''' {{fir}}

a chruthaíonns rud mar seo:

foirgneamh, fir.¹ (gu. & ai. foirgnimh, gi. foirgneamh)

  1. Struchtúr mór tógtha ar féidir le daoine dul isteach ann.
  2. Grúpa foirgneamh.
  3. Áit neadaithe, m.sh. ar aill.
Mal: iol. foirgeanta, Cois Fharraige foirgint bain., foirgneadh fir.

Níl an focal canúint le feiceáil ann, ach amháin an giorrúchán Mal. (Leaganacha malartacha). Uaireanta níl focal le fáil ina dhiaidh ach oiread, mar shampla i gcás focal a bhfuil inscní difriúla aige. Is maith liom an téarma leagan malartach mar tá cuma níos neodraí air dar liomsa.

Bhuel, sin mo thuairim ar aon chaoi. ☸ Moilleadóir 19:59, 6 Meitheamh 2008 (UTC) (P.S Is traidisiúnta d'fhreagra a eangú thuas trí : a chur ag tús gach paragraif.)Reply

Tuilleadh Smaointí cuir in eagar

Go raibh maith agat as an eolas ar fad--scéim mór atá ar siúl agaibh! Tá muid fós ag plé an scéil ar irishgaelictranslator (féach anseo má tá suim agaibh: [1]).

Is dócha gurb í tuairim na coitiantachta ná gur féiliúnaí wiki a mbeadh go leor focail ar aon leathanach amháin, gan an oiread sin códaithe i gceist.

An bhfuil bealach ar bith rud mar sin a dhéanamh thríd wiktionary? Tá muid ag iarraidh ár gcuid nótaí féin a chur le chéile agus a chur ar fáil don phobal mór gan a lán oibre a dhéanamh! GRMA, agus bail ó Dhia ar an obair! Dun chaochain 22:42, 6 Meitheamh 2008 (UTC)Reply

Bhuel más liosta simplí atá ar intinn agaibh, b'fhéidir "aguisín" a dhéanamh de. Níl aguisín ar bith againn fós, ach tá a lán díobh thall ar Wiktionary. Ar ndóigh, ba cheart go mbeadh na focla ann nasctha le hiontrálacha sa bhfoclóir i ndeireadh báire, ach ba mhór an áis í don Vicífhoclóir an liosta a bheith ann.
Tá a fhios 'am go bhfuil cuma aisteach ar wikicode nuair a fheiceann tú den chéad uair é. Ní féidir é a sheachaint ina iomlán, ach ní ba riachtanach cuid mhór de a úsáid in a leithéid de liosta.
Dhá socródh sibh wiki nó suíomh eile a úsáid, bheinn buíoch díobh as an URL a chur in iúl dom.
Moilleadóir 17:01, 8 Meitheamh 2008 (UTC)Reply
GRMA as an eolas--chuir mé an t-eolas ar aghaidh chuig na daoine eile. Cupla ceist: cén chaoi ar féidir aguisín a chruthú?
Agus cén chaoi a gcruthaítear catagóirí? An iad na modhnóirí féin a chruthaíonns iad?
Tá dearmad cló (typo) i gceann des na catagóirí--sé "Acla" an ginideach uatha de "Acaill" (deirtear "Oieán Aclaí" freisin, ach sin mar gheall air ə => iː i gcanúintí Dheisceart Mhaigh Eo!)
—Scríobh an t-úsáideoir Dun chaochain (plé) an trácht thuas gan é a shíniú • dréachtaí) 21:21, 10 Meitheamh 2008
Ní mór an difríocht idir Riarthóirí (Oibreoirí Corais) agus an gnáthúsáideoir i saol Wikimedia. Is féidir leatsa 'chuile rud a dhéanamh ach rudaí mar...
  • úsáideoirí a chosc
  • leathanaigh a ghlasáil
  • leathanaigh a scrios
  • leathanaigh áirithe a athrú (CSS agus JS mar shampla).
Thairis sin, ní raibh sé ar intinn ag an mbunaitheoir go mbeadh údarás ar leith ag riarthóir. Déantar socruithe trí chomhthoil (consensus) a shaothrú. Bíonn cead ag pobail na dtionscadal a mbealaí féin a leanacht agus is annamh a chuirfeadh an Bord a ladar isteach sa scéal, ach dhá dtiontódh muid an Vicífhoclóir ina shuíomh eile ar fad chuirfeadh siad suim ann. 'S é mo chleachtadh féin ná prionsabail ginearálta Wiktionary (an Vicífhoclóir Bhéarla) a leanacht toisc go mba é sin an chéad vicífhoclóir agus is mór an taithí agus an chiall atá bailithe acu thar na blianta.
So, cén chaoi a chruthófá catagóir? Níl ort ach rud mar seo a chur ag bun leathanaigh [[Catagóir:Ainm na Catagóra]]. Go hiondúil, cruthaíonn [[]] nasc inmheánach, ach i gcás na gCatagóirí cuireann sé an leathanach i gcatagóir áirithe. Más maith leat nasc chuig catagóir a chruthú, cuir : roimh an nasc, mar seo [[:Catagóir:Gaeilge]].
Ach mar a dúirt mé cheana is fearr é a dhéanamh trí theimpléad. Ansin, má dhéanann tú botún (Acaille mar shampla) níl ort ach an teimpléad a athrú i leaba na céadta (nó mílte) de leathanaigh. Agus céard é an teimpléad? Is leathanach é atá san 'ainmspás' Teimpléad (tosaíonn a ainm le Teimpléad:) gur féidir é a chur isteach i leathanach eile trí a ainm (gan Teimpléad:) a lua idir lúibíní casta {{}} (céard é an Ghaeilge le haghaidh 'curly brackets'?). Dháiríre, is féidir é seo a dhéanamh le leathanach ar bith, ach go hiondúil ní déantar é ach le teimpléad.
Cén chaoi aguisín a chruthú? Bhuel níl a fhios agam, ach...(ag déanamh tástáil bheag)...níl sé simplí ainmspás nua a chruthú faraor. Gheobhaidh mé an t-eolas sin agus ceartóidh mé an catagóir freisin. Caith do shúil ar Athruithe is déanaí más maith leat na céimeanna a fheiceáil.
Moilleadóir 07:12, 10 Meitheamh 2008 (UTC)Reply

Teimpléid cuir in eagar

Rinne mé iarracht teimpléad a chruthú, ach níor éirigh go geal liom. An bhféadfadh duine breathnú ar m'iarracht agus é a cheartú ar an mbealach is fusa? Tá mé ag iarraigh foghlaim . . .Dun chaochain 18:42, 10 Meitheamh 2008 (UTC)Reply

Return to the project page "Canúintí na Gaeilge".