Fáilte ar ais - welcome back again! You've been doing some phenomenal work since you got here. We're pretty close to reaching the magic 1,000 words, which is super. This time last year, there were only about a dozen words, no infrastructure and no editors. Things have changed a bit since then.

Anyways - great to have you on board. We really appreciate your expert knowledge - Alison 04:01, 6 Meitheamh 2008 (UTC)Reply

Canúintí cuir in eagar

Bhí sé ar intinn agam focla canúnacha a chur leis an Vicífhoclóir agus mar sin cuirim gach fáilte romhat. Ach ba mhaith an rud formáid mhaith a cheapadh don saothar seo. Scríobhfaidh mé rud eicínt faoi sa Halla Baile thar an deireadh seachtaine. Fáilte romhat aríst! ☸ Moilleadóir 07:27, 6 Meitheamh 2008 (UTC)Reply

Ba mhaith liom níos mó rannpháirtithe a fheiceáil anseo go deimhin. Bhí sé cineál ciúin anseo nuair a tháinig mé ar ais an bhliain seo caite. Is tábhachtach áfach bunaidhm an tionscadail seo a thuiscint - sainmhínithe d'fhocail ó gach teanga an domhain a sholáthar as Gaeilge. Níl sé an-fheiliúnach don fhoghlaimeoir mar sin agus más ar an dream sin a bhfuil d'obair dírithe b'fhéidir gurbh fhearr é a chur leis an Vicífhoclóir Bhéarla (Wiktionary).
Ar ndóigh, d'fhéadfadh sibh an fhaisnéis a chur leis an dá thionscadal. ;)
Cé gur ceann de na príomhrialacha Wikimedia é nach riachtanach cuntas a chruthú, is fiú é a dhéanamh. Is an-deacair ar fad dul i dteagmháil le duine nuair nach bhfuil agat ach seoladh (sealadach) IP. Ag an am céanna, is féidir a fháil amach ón IP cén tír, stát agus uaireanta cén chathair ina bhfuil tú nó cá bhfuil tú ag obair!
Dála an scéil, seo leid duit: is féidir síniú a chur ar do theachtaireachtaí anseo trí ~~~~ a scríobh ina ndiaidh. Tiontóidh sé sin ina shíniú nuair a shábhálfar an leathanach. Tá an cabhair ar nósanna Wiki is fearr le fáil ag Wikipedia agus Wiktionary. Tá difríochtaí ann eadar na vicíonna ar ndóigh ach tá an buntús ann.
Féach an leathanach seo freisin: Vicífhoclóir: Leagan amach. Níl 'chuile rud ann fós, m.sh. níl an teimpléad {{briath}} (a chruthaigh mé le déanaí) luaite ann fós.
B'fhearr sonraí na gcanúintí a phlé áit eile atá níos poiblí agus mar sin cruthóidh mé leathanach nua anseo - Vicífhoclóir: Canúintí na Gaeilge agus scríobhfaidh mé níos mó ar a leathanach plé.
Moilleadóir 19:58, 6 Meitheamh 2008 (UTC)Reply


Leathanach tástála cuir in eagar

Catagóir: Canúint Iorrais, Maigh Eo Catagóir: Canúint Thuar Mhic Éadaigh (Iorras) Catagóir: Canúint Iarthar Chonamara